Is iad oibríochtaí comhpháirteacha na gníomhaíochtaí is infheicthe de chuid na gníomhaireachta. Mar aon le báid, carranna, eitleáin agus trealamh eile a imscaradh, imscarann Frontex na céadta duine d’oifigigh theorann agus chósta chun cúnamh a thabhairt do Bhallstáit a bhfuil dúshláin ag bagairt orthu ag teorainneacha seachtracha an Aontais. Tugtar faoi na hoibríochtaí sin ag teorainneacha mara agus talún na hEorpa agus ag aerfoirt idirnáisiúnta. Cé go bhfuil Frontex ag brath go príomha ar Bhallstáit an Aontais agus ar Thíortha Comhlachaithe Schengen faoi láthair chun na sainoifigigh agus an trealamh a sholáthar a theastaíonn dá oibríochtaí, tá an ghníomhaireacht ag bogadh anois i dtreo a trealamh féin a ghlacadh ar léas agus a cheannach. Tá ag Frontex freisin 1 500 oifigeach ar a laghad is féidir a imscaradh laistigh de chúig lá chun déileáil le héigeandálaí ag teorainneacha na hEorpa.
Cé go dtacaíonn na hoibríochtaí ar muir atá ar siúl ag an ngníomhaireacht sa Mheánmhuir leis an Iodáil, leis an nGréig agus leis an Spáinn déileáil le brú imirce, cabhraíonn oibríochtaí uile na gníomhaireachta le dul i ngleic le cineálacha éagsúla coireachta trasteorann freisin. Tá cúraimí breise i gceist leis na hoibríochtaí ar muir, lena n-áirítear faireachán a dhéanamh ar thruailliú agus ar iascaireacht neamhdhleathach. Cuirtear na hoibríochtaí sin chun feidhme i gcomhar le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, go háirithe Europol, an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach.