Is comhpháirteanna neamhchoinníollacha bunriachtanacha den bhainistiú éifeachtach comhtháite teorainneacha iad urramú agus cosaint ceart bunúsach. Cloíonn Frontex go docht le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus le hionstraimí ábhartha an dlí idirnáisiúnta agus chearta an duine, lena n-áirítear Coinbhinsiún 1951 i dtaobh Stádas Dídeanaithe agus Prótacal 1967 a ghabhann leis.
Comhtháthaítear cearta bunúsacha i gCóid Iompair Frontex, i gCroíchuraclaim Choiteanna do ghardaí teorann, agus san oiliúint níos speisialaithe, e.g. d’oifigigh faireachais ar theorainneacha mara nó talún nó do lucht faireacháin don fhilleadh éigeantach. Cuireann na beartais agus na treoirlínte sin le tuiscint ar chearta bunúsacha agus cuireann siad ar chumas oifigeach sáruithe a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint.
Sula n-imscarfar iad, cuirtear oiliúint maidir le cearta bunúsacha ar bhaill foirne uile Frontex, ar ghardaí teorann agus ar bhaill d’údaráis ábhartha eile ó na Ballstáit atá rannpháirteach in oibríochtaí Frontex. Go háirithe, maidir le rochtain ar chosaint idirnáisiúnta, urraim do phrionsabal an non-refoulement, agus, nuair is iomchuí, maidir le cuardach agus tarrtháil. Cuirtear cearta bunúsacha san áireamh i gcónaí i bhfaisnéisiú oibríochtúil d’oifigigh an bhuanchóir, agus comhtháthaítear coimircí agus oibleagáidí maidir le sáruithe féideartha ar chearta bunúsacha a thuairisciú i ngach plean oibríochtúil.
Bunaíodh an post mar Oifigeach um Chearta Bunúsacha agus an Fóram Comhchomhairleach um Chearta Bunúsacha in 2011 agus rinneadh codanna de struchtúr Frontex iad de bharr leasuithe ar Rialachán Frontex. Le Rialachán (AE) 2019/1896, leathnaíodh sainordú agus inniúlachtaí na gníomhaireachta agus an Oifigigh um Chearta Bunúsacha.
Is iad seo a leanas príomh-chomhpháirteanna chóras cosanta agus faireacháin na gceart bunúsach atá ag Frontex:
- An Straitéis um Chearta Bunúsacha -, an creat treorach a fhónann chun gníomhaíochtaí na gníomhaireachta a ailíniú le caighdeáin agus prionsabail um chearta bunúsacha;
- Tuarascáil Teagmhas Tromchúiseach (SIR) ina gcuirtear oibleagáid ar gach rannpháirtí i ngníomhaíochtaí oibríochtúla Frontex tuairisc a thabhairt láithreach ar aon chás ina bhféadfaí sáruithe a dhéanamh ar chearta bunúsacha, lena n-áirítear sáruithe ar acquis AE nó ar an dlí idirnáisiúnta agus ar Chóid Iompair Frontex. Is í an Oifig um Chearta Bunúsacha a láimhseálann na SIRanna a bhfuil ábharthacht ag baint leo maidir le cearta bunúsacha;
- Ansásra um ghearáin- lena gceadaítear gearáin aonair a thíolacadh ó dhaoine a ndéanann gníomhaíochtaí, nó neamhghníomh, na mball foirne atá páirteach i ngníomhaíochtaí Frontex difear díreach dóibh, agus a mheasann go ndearnadh sárú ar a gcearta bunúsacha;
- An Fóram Comhchomhairleach maidir le Cearta Bunúsacha - a chuireann comhairle neamhspleách ar fáil don ghníomhaireacht maidir le cearta bunúsacha a urramú, a chosaint agus a chur chun cinn i ngníomhaíochtaí uile Frontex;
- Sásra maoirseachta maidir le húsáid fornirt - lena gcuirfear creat ar fáil chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bhforálacha maidir le húsáid fornirt ag foireann reachtúil na gníomhaireachta, lena n-áirítear an buanchór, agus foráiltear leis oibleagáid tuairiscithe maidir le teagmhais a bhaineann le húsáid fornirt.
Tá an tOifigeach um Chearta Bunúsacha (FRO) faoi shainordú faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme a oibleagáidí maidir le cearta bunúsacha ag Frontex i gcomhréir le dlí AE agus idirnáisiúnta agus comhairle a chur faoi bhráid an Stiúrthóra Feidhmiúcháin maidir le saincheisteanna a bhaineann le cearta bunúsacha. Tá ról neamhspleách ag an FRO agus ag foireann na hOifige um Chearta Bunúsacha laistigh den ghníomhaireacht chun tacú lena cuid oibre ó thaobh chearta an duine de agus chun urraim, cosaint agus cur chun cinn na gceart bunúsach a threisiú. D’fhonn faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceart bunúsach ag an ngníomhaireacht, féadfaidh an FRO imscrúduithe a dhéanamh ar aon cheann dá ghníomhaíochtaí agus tugann sé cuairteanna rialta ar an láthair.
Eisíonn an tOifigeach um Chearta Bunúsacha tuairimí maidir le haon ghníomhaíocht Frontex ar leibhéal an bheartais agus ar an leibhéal oibríochtúil araon agus maidir le comhar na gníomhaireachta le comhpháirtithe, agus sainaithnítear na dúshláin a bhaineann le cearta bunúsacha, sáruithe féideartha ar chearta bunúsacha nó na rioscaí a bhaineann leo. Cuireann an FRO an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar an eolas agus tugann sé comhairle dó maidir le sáruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar chearta bunúsacha le linn aon cheann de ghníomhaíochtaí na gníomhaireachta. Is tríd an mBord Bainistíochta a cheaptar an t-oifigeach agus tuairiscíonn sé go díreach dó, mar atá sainordaithe i Rialachán (AE) 2019/1896. Tá an FRO freagrach as déileáil leis na gearáin a fuarthas trí Mheicníocht um Ghearáin Frontex agus trí na Tuarascálacha Teagmhas Tromchúiseach a bhaineann le sáruithe a d’fhéadfadh a bheith ann ar chearta bunúsacha laistigh de ghníomhaíochtaí Frontex. Faigheann an tOifigeach um Chearta Bunúsacha tacaíocht freisin ó mhonatóirí ar chearta bunúsacha a dhéanann faireachán agus measúnú leanúnach, neamhspleách i bhfeidhmiú a gcuid cúraimí, ar chomhlíonadh ghníomhaíochtaí na gníomhaireachta le cearta bunúsacha.
Foilsíonn an FRO tuarascálacha bliantúla ar na gníomhaíochtaí a dhéanann an Oifig um Chearta Bunúsacha, de bhun Airteagal 109(4) de Rialachán (AE) 2019/1896. Tugtar eolas sa tuarascáil bhliantúil maidir le stádas chur chun feidhme na gceart bunúsach i ngníomhaíochtaí oibríochtúla na gníomhaireachta i gcomhréir leis an Straitéis um Chearta Bunúsacha.
Tuarascáil bhliantúil FRO 2020.
Déantar na monatóirí ar chearta bunúsacha, dá bhforáiltear le Rialachán (AE) 2019/1896 mar bhaill foirne reachtúla de Frontex, a imscaradh chuig na limistéir oibríochtúla thar ceann an Oifigigh um Chearta Bunúsacha. Déanann siad faireachán agus measúnú ar chomhlíonadh na gceart bunúsach i ngníomhaíochtaí Frontex, cuireann siad comhairle agus cúnamh ar fáil maidir leis sin, agus ag an am céanna cuireann siad le cur chun cinn na gceart bunúsach mar chuid de bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip. Tríd an obair a dhéanann siad, is gné lárnach de chóras faireacháin Frontex um chearta bunúsacha iad na monatóirí. Mar ‘leathnú’ an FRO ar an láthair, tacaíonn siad leis an ngníomhaireacht chun a cuid oibleagáidí um chearta bunúsacha a chomhlíonadh.
Déanann na monatóirí faireachán ar na gníomhaíochtaí a dhéanann Frontex, lena ndéantar doiciméadú ar a mhéid a chomhlíonann siad na caighdeáin um chearta bunúsacha is infheidhme. Déanann siad faireachán ar na nósanna imeachta a bhaineann le bainistiú teorainneacha agus le filleadh agus leis an timpeallacht ina gcuirtear chun feidhme iad, agus ag an am céanna tarraingíonn siad aird ar na dúshláin, na rioscaí agus na deiseanna a bhaineann le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta a chur chun cinn. Sa chomhthéacs sin, oibríonn na monatóirí i gcomhar le Frontex maidir le hoifigigh a chomhordú agus ábhair imní a d’fhéadfadh a bheith ann a thuairisciú don Oifigeach um Chearta Bunúsacha.
Féadfaidh an FRO na monatóirí ar chearta bunúsacha a ainmniú chuig díorma monatóirí um fhilleadh éigeantach, a bhreathnaíonn agus a thuairiscíonn ar oibríochtaí um fhilleadh arna gcomhordú ag Frontex nó a dtacaíonn Frontex leo. Bunaíodh an díorma monatóirí mar shásra tánaisteach do shásraí faireacháin náisiúnta.