Cad is Frontex ann?
Bunaíodh Frontex, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, in 2004 chun cuidiú le Ballstáit AE agus le tíortha AE atá bainteach le Schengen chun teorainneacha seachtracha i limistéar saorghluaiseachta an AE a chosaint. Mar ghníomhaireacht AE, faigheann Frontex maoiniú ón mbuiséad AE agus ó ranníocaíochtaí ó Thíortha atá bainteach le Schengen.